Cantitate/Preț
Produs

Tine sa Chácóin

Autor Panu Petteri Höglund
Paperback – aug 2018
Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea­fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh­litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún­mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán. Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn. Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. --- Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabh­ar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa), agus An Fhondúir­eacht (2014 - leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).
Citește tot Restrânge

Preț: 11136 lei

Puncte Express: 167

Carte tipărită la comandă

Livrare economică 07-21 septembrie

Livrare prin curier în România Termenul estimat este afișat lângă disponibilitate.
Transport gratuit de la 40000 lei Plată online sau ramburs, în funcție de opțiunile comenzii.
Retur gratuit în 14 zile Comandă securizată și suport în română.

Specificații

ISBN-13: 9781782012245
ISBN-10: 1782012249
Pagini: 200
Dimensiuni: 140 x 216 x 12 mm
Greutate: 0.26 kg
Editura: Evertype